Sruth Ama
by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie · 4 episodes
🇮🇪 Ireland chart ArtsPerforming
Sraith ceithre dhráma raidió le Gabriel Rosenstock ina bhfaighimid léargas iontach ar shaol an nuachtáin Ghaeilge Amanathar. Ag tarraingt óna thaithí féin agus an dá bhliain eachtrúla a chaith sé ag obair ar an nuachtán Anois, tugann Rosenstock isteach i saol an nuachtáin sinn agus feicimid na nithe go léir a bhíonn ag cur imní i gcónaí ar an bhfoireann – eagarfhocal na seachtaine, easpa foirne, spriocdhátaí, teannas i measc na foirne, agus, ar ndóigh, conas maoiniú a chinntiú don nuachtán.
Latest episodes
-
25 min ↗
Dráma 4/4 - Sruth Ama - Raidió na Life
Amanathar R.I.P.: Címid an fhoireann go léir sa teach tábhairne áitiúil. Tá droch-scéal ag Eamonn don bhfoireann. An ag caoineadh a bheidh siad, ag canadh, ag ól? An oíche drabhlái…
-
25 min ↗
Dráma 3/4 - Sruth Ama - Raidió na Life
Anuraidh: Tá foireann Amanathar i bponc mar tá an té a scríobhann na fógraí báis dóibh tar éis a rá leo go bhfuil réamhspléachadh ar a fhógra báis féin uaidh!
-
25 min ↗
Dráma 2/4 - Sruth Ama - Raidió na Life
Anocht: Chuir beirt fógra ar leathannaigh ghrá Amanathar agus seo anois iad i gclub snagcheoil ag iarraidh a dhéanamh amach an raibh aon chuid den fhírinne sa chur síos a rinne sia…
-
25 min ↗
Dráma 1/4 - Sruth Ama - Raidió na Life
Amanathar: Bualimid leis an bhfoireann agus le file a bhíonn de shíor á gcrá ag lorg léirmheasanna. An bhféadfadh nach glan as a mheabhair atá an léitheoir díograiseach a ghlaoigh…